03.10.2022
Dublin City Council at Open House Dublin 2022 / Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag Open House Dublin 2022

This year’s annual architectural festival Open House will take place across the city from Friday 14th to Sunday 16th October.  It is a unique opportunity for citizens to explore, understand and re-discover the architecture of their city through over 150 free events and tours, including buildings not generally accessible to the public.

This year Dublin City Council is again teaming up with the Irish Architectural Foundation to deliver a programme of events that includes visits to Dublin City Council buildings and projects. Dublin City Council’ staff will provide guided tours of these buildings sharing their expert and interesting insights into the stories behind some of Dublin’s valuable building heritage.

Dublin City is a dynamic place of growth, revival and renewal and Dublin City Council will show a number of projects to reflect this, which include:

Climate Change and the Public Realm

Dublin City Council’s City Architect’s Public Realm Team will provide a ‘Walk and Talk’ about how its work contributes to climate action. The tour will cover the recently completed Chatham Street and Clarendon Street, as well as the area around South Anne St.

Climate Change and the Public Realm – Walk and Talk Tour – Open House Dublin 2022

Friday 11-11.30am

 

Dorset Street Former Fire Station

Howley Hayes Architects carried out a programme of external façade repairs to this prominent edifice on Dorset Street.

Dorset Street Former Fire Station – Open House Dublin 2022

Sat: 11:00am – 1.15pm

The Mansion House

The Mansion House is the official residence of the Lord Mayor of Dublin during his or her term of office. It is a unique building because of its great age, its particular architectural style, and for the continuous role the house has played in the civic history of Dublin.

The Mansion House – Open House Dublin 2022

Sat: 11am-5pm

Dominick Street Regeneration Project

New mixed use development providing 67 apartments and 5 townhouses with a community centre and retail space at ground level.

Dominick Street Regeneration Project – Open House Dublin 2022

Sat: 10:00am – 3.45pm

Sean Foster Place

Dublin City Council’s NZEB pilot project apartment building, consisting of 30 new units. The project was developed to progress Dublin City Council`s responses to climate adaptation while addressing sustainable design strategies outlined in the DCC Climate Change Action Plan, and to support sustainable neighbourhood development within the city centre.

Sean Foster Place housing – Open House Dublin 2022

Sat: 10:00 – 10.30am

2-5 Ballybough Road

Reconstruction of a derelict late Georgian terrace to provide 7 new homes.

2-5 Ballybough Road – Open House Dublin 2022

Sat: 10:00am – 2.00pm

Margaret Kennedy Road and Court

54 new homes forming the first phase of the regeneration of St Teresa’s Gardens estate.

Margaret Kennedy Road and Court – Open House Dublin 2022

Sat: 10:00am – 12.30pm

Dolphin House Regeneration: The first of a multi-phase regeneration of the Dolphin House estate which has seen the refurbishment of existing apartments as well as the construction of new homes which contribute to the revitalisation of the local area.

Site Specific 2020: Dolphin House – Open House Dublin 2022

Film

Photo: Ros Kavanagh

Pigeon House Power Station:  The Pigeon House power station was the first in the world to generate three phase power and produced its first electricity in 1903. Today it is one of the largest protected structures in Ireland and one of the few examples of industrial architecture remaining within the city.

Site Specific 2021: Pigeon House Power Station – Open House Dublin 2022

Film

Parnell Square

An ambitious redevelopment project is underway to transform Parnell Square into the cultural quarter of Dublin City with the provision of the new Dublin City Library. Featuring the vision behind the commission from Ali Grehan City Architect and Mairead Owens City Librarian.

Site Specific 2020: Parnell Square – Open House Dublin 2022

Film

 

Dublin City Council invites the public to experience and enjoy for free the architectural delights that will be showcased over the weekend of the Open House festival. For full programme details and further information visit: https://openhousedublin.com

 

Beidh féile bhliantúil ailtireachta Open House na bliana seo ar siúl ar fud na cathrach ó Dé hAoine an14 go dtí Dé Domhnaigh an 16 Deireadh Fómhair. Is deis ar leith í dár gcuid shaoránaigh ailtireacht a gcathair a iniúchadh, a thuiscint agus a theacht uirthi arís trí bhreis is 150 imeacht agus turas saor in aisce, lena n-áirítear foirgnimh nach mbíonn rochtain ag an bpobal orthu de ghnáth.

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag obair arís i mbliana i gcomhar le Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann chun clár na n-imeachtaí a chur ar fáil a chuimsíonn cuairteanna ar fhoirgnimh agus ar thionscadail de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh foireann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath turais threoraithe ar fáil ar na foirgnimh seo agus a gcuid sainléargais spéisiúla ar na scéalta taobh thiar d’oidhreacht thógála luachmhar Bhaile Átha Cliath a roinnt.

Is ionad dinimiciúil an fháis, na hathbheochana agus na hathnuachana í Cathair Bhaile Átha Cliath agus léireoidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath roinnt tionscadal d’fhonn a leithéid a léiriú, ina measc:

Cathrú na hAeráide agus an Réimse Poiblí

Cuirfidh Foireann Réimse Poiblí Ailtirí na Cathrach de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath clár ‘Siúl agus Caint’ ar fáil faoin gcaoi a gcuireann a cuid oibre le gníomhaíocht ar son na haeráide. Rachaidh an turas thar Shráid Chatham agus thar Shráid Clarendon a gcríochnaíodh le déanaí, chomh maith leis an gceantar thart ar Shráid Áine Theas.

Athrú na hAeráide agus an Réimse Poiblí – Turas Siúil agus Caint – Open House Dublin 2022

Dé hAoine 11-11.30pm

Iar-Stáisiún Dóiteáin Shráid Dorset

Rinne Ailtirí Howley Hayes clár deisiúchán na n-aghaidheanna seachtracha ar an bhfoirgneamh suntasach seo ar Shráid Dorset.

Iar-Stáisiún Dóiteáin Shráid Dorset – Open House Dublin 2022

Dé Satharn: 11:00rn-1.15pm

Teach an Ard-Mhéara

Sé Teach an Ard-Mhéara áit chónaithe oifigiúil Ardmhéara Bhaile Átha Cliath le linn a théarma oifige. Is foirgneamh ar leith é mar gheall ar a aois mhór, a stíl ailtireachta ar leith, agus mar gheall ar an ról leanúnach atá aige i stair chathartha Bhaile Átha Cliath.

Teach an Ard-Mhéara – Open House Dublin 2022

Dé Satharn: 11am-5pm

Tionscadal Athghiniúna Shráid Dhoiminic

Forbairt nua úsáid-mheasctha ag cur 67 n-árasán agus 5 theach baile ar fáil le lárionad an phobail agus spás miondíola ag leibhéal na talún.

Tionscadal Athghiniúna Shráid Dhoiminic – Open House Dublin 2022

Dé Satharn: 10:00am-3.45pm

Plás Sheáin Foster

Foirgneamh árasán píolótach NZEB (Foirgneamh ar Bheagnach Nialas Fuinnimh) de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, inar tógadh 30 aonad nua. Rinneadh an tionscadal a fhorbairt chun freagairtí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar oiriúnú ar son na haeráide a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar straitéisí an dearaidh inbhuanaithe atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta de chuid CCBÁC um Athrú na hAeráide, agus chun tacú le comharsanacht inbhuanaithe a fhorbairt i gcroílár na cathrach

Tithíocht Phlás Sheáin Foster-Open House Dublin 2022

Dé Satharn: 10:00am-10.30pm

2-5 Bóthar an Bhaile Bhoicht

Atógáil ardán Seoirseach déanach d’fhonn 7 dteach nua a chur ar fáil.

2-5 Bóthar an Bhaile Bhoicht – Open House Dublin 2022

Dé Satharn: 10:00am-2.00pm

Bóthar agus Cúirt Margaret Kennedy

54 theach nua mar an chéad chéim d’athghiniúint eastát Gairdíní San Treasa.

Bóthar agus Cúirt Margaret Kennedy – Open House Dublin 2022

Dé Satharn: 10:00am-12.30pm

Athghiniúint Teach an Charnáin

Sé seo an chéad chéim d’athghiniúint ilchéime eastát Theach an Charnáin ina ndearnadh athchóiriú ar na hárasáin a bhí ann cheana féin chomh maith le tógáil tithe nua a chuidíonn le hathbheochan an cheantair áitiúil.

Dírithe ar Shuíomh ar Leith 2020: Teach an Charnáin – Open House Dublin 2022

Scannán

Stáisiún Cumhachta Theach Pigeon

Ba é Teach Pigeon an chéad stáisiún cumhachta ar domhan a ghin cumhacht trí phas agus ghin sé a chéad leictreachas sa bhliain 1903. Inniu is ceann de na struchtúir chosanta is mó in Éirinn é agus ar cheann de bheagán samplaí d’oidhreacht na hailtireachta thionsclaíocha atá fágtha sa chathair.

Dírithe ar Shuíomh ar Leith 2021: Stáisiún Cumhachta Theach Pigeon – Open House Dublin 2022

Scannán

Cearnóg Parnell

Tá tionscadal uaillmhianach na hathfhorbartha ar siúl chun Cearnóg Parnell a athrú go ceantar cultúrtha Chathair Bhaile Átha Cliath le Leabharlann nua Chathair Bhaile Átha Cliath a chur ar fáil. Ag cur an fhís atá mar bhonn an choimisiún i láthair, beidh Ali Grehan, Ailtire na Cathrach, agus Mairead Owens, Leabharlannaí na Cathrach.

Dírithe ar Shuíomh ar Leith 2020: Cearnóg Parnell – Open House Dublin 2022

Scannán

Cuireann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath fáilte roimh an bpobal taitneamh saor in aisce a bhaint as taitneamhachtaí na hailtireachta atá le taispeáint thar dheireadh seachtaine na féile Open House. Tá eolas iomlán faoin gclár agus tuilleadh faisnéise ar fáil ag: https://openhousedublin.com