03.10.2023
Housing Development at Cornamona Court, Ballyfermot / Forbairt tithíochta ag Cúirt Chorr na Móna, Baile Formaid

View of apartments on Kylemore Road. Image: Niall O’Connell. Radharc ar na hárasáin ar Bhóthar na Coille Móire. Íomhá: Niall O’Connell

Residents recently moved in to the Cornamona Court development of 61 new homes on Kylemore Road in Ballyfermot.  Well located in an area of general housing with good proximity to schools, church, shops, library, sports and community buildings, the site was originally single storey older persons housing which no longer met the required standards and was cleared for redevelopment in 2007. In 2006-8, a new scheme for some 90 older person’s homes was developed for the site. However due to the economic downturn nationally, this project was put on hold in early 2009.

In 2017 the site location was identified by Dublin City Council as part of the housing programme and a new proposal was developed.  This redesign took account of the revised housing needs in the area, which identified a mix and brief for both general housing needs and older person’s homes.  Cornamona Court provides a total of 61 homes consisting of 30 houses and duplexes for general family housing with 31 apartments for older people.

Aerial view of courtyard. Image: Roughan & O’Donovan. Radharc ón aer den chlós. Íomhá: Roughan & O’Donovan.

The buildings have a simple rectangular geometry comprising three residential blocks animated by generous windows, screens, balconies and access galleries. Two four to five storey blocks provide the frontage to Kylemore Road while a terrace of two storey homes sits across a shared courtyard to the rear of these. The road frontage is set back to provide a generous public realm streetscape with new trees introduced along the road.  The two taller blocks accommodate older person’s apartments set over duplexes at ground level with ‘own door’ access from the street, which provides beneficial active frontage as well as giving a sense of privacy. The duplexes and houses have private front and rear gardens.

There is a resident’s common room accessed from the street and from the private courtyard, which sits over a basement car park.

PROJECT TEAM
Client: Dublin City Council Housing and Community Services
Technical Project Management: Dublin City Council, City Architects Division
Architects/PSDP/ER/Assigned Certifier/DAC: Paul Keogh Architects
Structural & Civil Engineers: Roughan & O’Donovan
M&E Services Engineers: Varming Consulting Engineers
Quantity Surveyors: Austin Reddy & Company
Landscape Architect: Cunnane Stratton Reynolds
Contractors: Cunningham Contracts Ltd

View of courtyard. Image: Paul Tierney. Radharc den chlós. Íomhá: Paul Tierney

Le déanaí bhog cónaitheoirí isteach san fhorbairt nua, Cúirt Chorr na Móna, ina bhfuil 61 teach nua, ar Bhóthar na Coille Móire, Baile Formaid.  Agus í suite i gceantar breá ina bhfuil tithíocht ghinearálta agus í an-ghar do scoileanna, séipéal, siopaí, leabharlann áiseanna spóirt agus foirgnimh phobail, is é a bhíodh sa suíomh i dtosach ná tithíocht aon stóir do dhaoine breacaosta, rud nár chomhlíon na caighdeáin chuí níos mó. Réitíodh é le haghaidh athfhorbartha sa bhliain 2007. Idir na blianta 2006-8, forbraíodh scéim nua don suíomh le haghaidh 90 teach do dhaoine breacaosta. Mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta ar bhonn náisiúnta, áfach, cuireadh an tionscnamh ar athló sa bhliain 2009.

Sa bhliain 2017, shainaithin Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suíomh an láithreáin mar chuid den chlár tithíochta agus forbraíodh togra nua.  San athdhearadh seo, cuireadh riachtanais leasaithe tithíochta an cheantair san áireamh, agus aithníodh sainchúram agus meascán de riachtanais tithíochta ginearálta agus tithíocht do dhaoine breacaosta araon.  Tá 61 teach ar fáil i gCúirt Chorr na Móna, lena n-áirítear 30 teach agus árasán dhá urlár le haghaidh tithíocht ghinearálta do theaghlaigh, chomh maith le 31 árasán do dhaoine breacaosta.

View of apartments from courtyard. Image: Niall O’Connell. Radharc ar na hárasáin ón gclós. Íomhá: Niall O’Connell.

Tá leagan amach dronuilleogach simplí ag na foirgnimh a chuimsíonn trí bhloc cónaithe agus iad maisithe le neart fuinneog, scáileán, balcóiní agus áiléar rochtana. Dhá bhloc a bhfuil ceithre nó cúig stór acu atá mar éadanas chuig Bóthar na Coille Móire agus tá Ardán de thithe dhá stór suite ar an taobh eile de chlós roinnte ag a gcúl.Cuireadh an t-éadanas bóthair siar chun sráid-dreach álainn a chur ar fáil agus tá crainn nua le taoibh an bhóthair.  Tá árasáin do dhaoine breacaosta sa dá bhloc is airde agus iad suite os cionn na n-árasán dhá leibhéal ag leibhéal na talún agus rochtain acu óna ndoras féin ón tsráid, rud a chuireann éadanas gníomhach ar fáil chomh maith le príobháideachas. Tá gairdíní tosaigh agus cúil ag na hárasáin dhá urlár agus ag na tithe.

Tá seomra caidrimh do chónaitheoirí, ar féidir rochtain a fháil air ón tsráid agus ón gclós príobháideach, agus é suite os cionn carrchlós íoslaigh

View of entrance to house. Image: Paul Tierney. Radharc ar an mbealach isteach chun an tí. Íomhá: Paul Tierney

FOIREANN AN TIONSCADAIL
Cliant: Roinn Seirbhísí Tithíochta agus Pobail Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Bainistíocht Tionscadail Theicniúil: Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Roinn Ailtirí na Cathrach
Altire/ MTPD/ER/Deimhnitheoir Sannaithe/DAT: Paul Keogh Architects
Innealtóirí Struchtúr agus Sibhialta: Roughan & O’Donovan
Innealtóirí Seirbhísí Meicniúla & Leictreacha: Varming Consulting Engineers
Suirbhéirí Cainníochta: Austin Reddy & Company
Ailtire Tírdhreacha: Cunnane Stratton Reynolds
Conraitheoirí: Cunningham Contracts Ltd