05.01.2023
Introducing the Active Travel Network / An Líonra Taistil Gníomhaigh

Draft Concept for Charlemont Street / Dréachtchoinceap do Shráid Charlemont

Dublin City Council’s Environment & Transportation Dept has recently established an Active Travel Network Office to deliver a programme of improved walking and cycle infrastructure across the city. City Architects are excited to be a part of this multi-disciplinary team and look forward to collaborating with engineers, landscape architects and planners to help facilitate the modal shift from car dependency to more sustainable and healthy forms of travel.

The aim of the Active Travel Network is to enhance quality of life in the city by connecting all people through the delivery of a walk-wheel-cycle network. This will be achieved by improving access, connectivity and sustainable mobility and will also contribute to a citywide reduction of transport-related carbon emissions. Over the next nine years, the active travel network will grow from its existing 10km to a connected network of 310km across the city. This transportation initiative funded by the National Transport Authority will offer a network of projects that are safer, inclusive and more sustainable.

Delivering this improved walking and cycle infrastructure across the city will also facilitate the creation of enhanced public realm opportunities. Our focus will be on public realm design to ensure new infrastructure is appropriately integrated and designed to the highest standards in terms of place-making, universal access and quality of materials.

Inverting the ‘travel pyramid’ by reallocating existing road space to active travel, with the implementation of “walk-wheel-cycle” measures for people of all ages and abilities. Dublin City Council is developing a safer, inclusive, and sustainable walk- wheel-cycle network / Tá sé i gceist an ‘phirimid taistil’ a iompú bunoscionn tríd an spás bóthair atá ann faoi láthair a ath-leithdháileadh agus bearta “siúl-roth-rothar” a chur i bhfeidhm do dhaoine de gach aois agus ar gach leibhéal cumais. Tá líonra siúl-roth-rothar níos sábháilte, níos cuimsithí agus níos inmharthana á fhorbairt ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

A safer and connected active travel network will be achieved by:

  • Incorporating segregated cycle lanes at suitable locations
  • Widening and decluttering footpaths
  • Considering the additional requirements of impaired users
  • Promoting biodiversity through tree planting and landscaping
  • Engendering social interaction by enhancing communal spaces

 

Sample List of Projects Being Delivered in Each Phase:

2022-2024

  • Finglas Village Improvement Scheme
  • Clontarf to City Centre
  • Glasnevin to Clontarf – Griffith Avenue
  • Grand Canal On-Road Improvement Scheme
  • Rathmines to Milltown
  • Kilmainham to Thomas Street

2025-2027

  • Finglas to Killester
  • Donahies to Clonshaugh
  • North Circular Road
  • Grand Canal Greenway – Suir Road to Portobello
  • Clonskeagh to City Centre
  • Chapelizod to Walkinstown

2027 Onwards

  • Glasnevin to Clontarf – Griffith Avenue to Margaret’s Road
  • Bayside to Northside
  • Liffey Cycle Route
  • Grangegorman to Portobello
  • Heuston to Chapelizod
  • Dodder River Greenway

Interim Schemes

Interim schemes are measures proposed to expedite the delivery of the active travel network. The measures will provide a safer walking and cycling experience at appropriate locations across the network whilst permanent schemes are being designed.

Further information on the Active Travel Network is available on dublincity.ie/activetravel

To see the maps in detail visit www.dublincity.ie/activetravel / Chun na léarscáileanna a fheiceáil go mion tabhair cuairt www.dublincity.ie/activetravel

Le déanaí, bhunaigh Rannóg Timpeallachta & Iompair de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig don Líonra Taistil Gníomhaigh a sheachadóidh infreastruchtúr rothaíochta agus siúil feabhsaithe ar fud na cathrach. Tá áthas ar Ailtirí na Cathrach páirt a ghlacadh san fhoireann ildisciplíneach seo agus tá siad ag súil le bheith ag comhoibriú le hinnealtóirí, le hailtirí tírdhreacha agus le pleanálaithe chun an t-aistriú a éascú ón spleáchas ar an gcarr go dtí modhanna taistil atá níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla.

Is í an aidhm atá ag an Líonra Taistil Gníomhaigh ná caighdeán na beatha sa chathair a fheabhsú trí naisc a chruthú tríd an líonra siúil-roth-rothair. Bainfear é seo amach trí feabhas a chur ar rochtain, ar nascacht agus ar shoghluaisteacht inbhuanaithe. Beidh laghdú freisin le brath sna hastaíochtaí carbóin a bhaineann leis an iompar ar fud na cathrach. Sna naoi mbliana atá romhainn, méadóidh an líonra taistil gníomhaigh ón 10km atá ann faoi láthair go dtí líonra nasctha de 310km ar fud na cathrach. Tairgfidh an tionscnamh iompair seo, arna maoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, líonra de thionscadail atá níos sábháilte, níos ionchuimsithí agus níos inbhunaithe.

Nuair a chuirfear ar fáil an t-infreastruchtúr siúil agus rothaíochta  feabhsaibhe seo, beidh sé fusa freisin deiseanna feabhsaithe sa ríocht phoiblí a chruthú. Beidh an bhéim á cur againn ar an dearadh sa ríocht phoiblí chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh an t-infreastruchtúr nua comhtháilte go cuí agus go mbeidh sé deartha ar ardchaighdeáin maidir le comhfhorbairt áite, le rochtain atá oiriúcach do chách agus le caighdeán na n-ábhar a úsáidtear.

Bainfear amach líonra taistil gníomhaigh níos sábháilte agus níos nasctha tríd na rudaí a leanas a dhéanamh:

  • Lánaí rothar scartha amach a thabhairt isteach in áiteanna áirithe
  • Cosáin a leathnú agus a ghlanadh suas
  • Riachtanais bhreise na n-úsáideoirí lagaithe a chur san áireamh
  • An bhithéagsúlacht a chur chun cinn trí chrainn a chur agus tírdhreachú a dhéanamh
  • An caidreamh sóisialta a chothú trí feabhas a chur ar spásanna comhroinnte

Liosta samplach de na Tionscadail atá á Seachadadh i ngach Céim

2022-2024

  • Scéim feabhsaithe Shráidbhaile Fhionnghlaise
  • Cluain Tarbh go dtí Lár na Cathrach
  • Glasnaíon go dtí Cluain Tarbh – Ascaill Uí Ghríofa
  • Scéim Feabhsaithe Bóthair na Canála Móire
  • Ráth Maoinis go dtí Baile an Mhuilinn
  • Cill Mhaighneann go dtí Sráid Thomáis

2025-2027

  • Fionnghlaise go dtí Cill Easra
  • Tobar an Domhnaigh go dtí Cluain Seach
  • An Cuarbhóthar Thuaidh
  • Glasbhealach na Canála Móire – Bóthar na Siúire go dtí Portobello
  • Cluain Sceach go dtí Lár na Cathrach
  • Séipéal Iosóid go dtí Baile Bhailcín

2027 Ar aghaidh

  • Glasnaíon go dtí Cluain Tarbh – Ascaill Uí Ghríofa go dtí Bóthar San Mhaighréad
  • Cois Bá go dtí an Taobh ó Thuaidh
  • Rotharbhealach na Life
  • Gráinseach Ghormáin go dtí Portobello
  • Heuston go dtí Séipéal Iosóid
  • Glasbhealach an Dothra

Draft Concepts for Active Travel Schemes / Dréachchoincheapa do na Scéimeanna Taistil Gníomhaigh

Scéimeanna Eatramhacha

Is éard atá i gceist le scéimeanna eatramhacha ná bearta a chuirfidh dlús le seachadadh an líonra taistil ghníomhaigh. Soláthróidh na bearta eispéireas siúil agus rothaíochta níos sábháilte ag áiteanna cuí ar fud an líonra fad is atá scéimeanna buana á ndearadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Líonra Taistil Gníomhaigh, féach dublincity.ie/activetravel