27.05.2022
Launch of National Policy on Architecture / Seoltar Polasaí Náisiúnta ar Ailtireacht

National Policy on Architecture publication / Foilseachán – Polasaí Náisiúnta ar Ailtireacht

High quality and well-designed living environments can bring economic, social and environmental benefits to cities, towns, and rural communities across Ireland

The Minister for Housing, Local Government and Heritage Darragh O’Brien TD and Minister of State for Heritage and Electoral Reform Malcolm Noonan T.D launched the Government’s new National Policy on Architecture,  “Places for People”, on the 18th of May. As Ireland’s new national policy on architecture, it outlines ways to promote and embed quality in architecture and the built and natural environment over the coming years in Ireland.

It also aims to boost public engagement with architecture and empower the architectural profession, especially within the public service by raising design quality and improving data and research on our built environment.

The policy has a framework of practical actions to help Ireland get full value from the art and craft of architecture, to deliver buildings and public spaces that work for all. These actions will help to create, sustain and regenerate local areas as vibrant, welcoming and sustainable places in which communities can flourish.

Copies of the Policy can be downloaded at the Department of Housing,  Local Government and Heritage website here.

D’fhéadfadh timpeallachtaí maireachtála ardchaighdeáin agus dea-deartha buntáistí eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil a thabhairt do chathracha, do bhailte agus do phobail tuaithe ar fud na hÉireann.

Ar an 18 Bealtaine, d’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien TD agus an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóiriú Toghcháin Malcolm  Noonan TD, Polasaí Náisiúnta nua an Rialtais ar Ailtireacht, “Áiteanna do Dhaoine”. Is é seo polasaí náisiúnta na hÉireann maidir leis an ailtireacht. Leagtar amach ann conas a chuirfear chun cinn ailtireacht ardchaighdeáin sa timpeallacht tógtha agus nádúrtha in Éirinn sna blianta atá romhainn.

Tá sé mar aidhm aige freisin an bhaint atá ag an bpobal leis an ailtireacht a neartú agus lucht na hailtireachta a chumasú, go háirithe laistigh den tseirbhís phoiblí trí chaighdeán an dearaidh a ardú, agus sonraí agus taighde ar an timpeallacht thógtha a fheabhsú.

Tá creat de ghníomhaíochtaí praiticiúla ag an bpolasaí a chabhróidh leis an tír luach iomlán a fháil ó ealaín agus ceird na hailtireachta chun foirgnimh agus spásanna poiblí a sholáthar do chách. Cabhróidh na gníomhaíochtaí seo ceantair áitiúla a chruthú agus iad a chothú agus a athbheochan. Cruthófar áiteanna atá bríomhar, fáilteach agus inbhuanaithe ina n-éireoidh go maith le pobail áitiúla.

Is féidir cóipeanna den Pholasaí a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúíl agus Oidhreachta anseo.